Welcome
to Irish Evangelical Christians EAI Activities |
ArticlesWHO ARE EVANGELICALS? NA SOISCÉALAITHE : CÉ HIAD FHÉIN ? AGUS CÉARD IS EAI ANN ? Is mian linn an dá théarma seo thuas a mhíniú d'fhonn iomraill a sheachaint : Tá fáil ar Chríostaithe Soiscéalda i ngach aicme Chríostiúil cheartchreidmheach agus in eaglaisí soiscéalda neamhspleácha. Tugann Ráiteas Chreidimh an EAI iarracht cur síos ar bhunailt chreidimh na gCríostaithe Soiscéalda agus tá fáil air sa mhír seo. Taobh amuigh desna raitis bunaidh sin, baineann éagsúlacht le diagacht soiscéalda. Is é is ann do Chomhaontas Soiscéalda na hÉireann ná gluaiseacht a bhfuil daoine aonaracha, eaglaisí agus eagraíoctaí a bhaineann le soiscéalaithe den uile chineál inti.Bainteach lena chéile, ainneoin na ndifriochtaí, sin ábhar gliondair dúinn. Tugann coiste treoir do EAI Is comhlacht teoranta carthanachta é EAI. Ó narbh ann ach bunsmaoineamh sa bhliain 1999, is iomaí rud a d'eascair ó shin. Ar na mórthionscnaimh i rith na mblianta,
FÍS EAI: Le linn tréimhse 25 de bhlianta, ‘sí ár bhfís : RÍOCHT DÉ A BHEITH DOSHEACHANTA I SOCHAÍ NA HÉIREANN TRÍD SÍOS Is é atá i soiscéalaithe ná creidmhigh i bfoilsiú Dé mar atá sé sa Bhíobla, an slánú a chuir Íosa ar fáil ar an gcrois chéasta, a athbhreith trín Spiorad Naomh agus an t-ordú a thug Íosa dá phobal, foilsiú agus deá-nuaíocht ríochta Dé a thaispeáint don uile dhuine. ‘Sé ar bhfís ná go mbeadh ár dteachtaireacht Chríostúil le braistint i ngach aon chearn na tíre sa chaoi nach mbeadh aon éalú uaithi. Bheadh call le soiscéalaí a bheith páirteach i ndíospóireachtaí theilifíse, fonn ar pholaiteoirí éisteacht le dearcadh soiscéalda, mian ag na meáin barúla soiscéalda a thuairisciú. Bheadh soiscéalaithe rannpháirteach i gcúrsaí sóisialta logánta. Chuirfeadh ollscoileanna cúrsaí bainteach le téamaí Bíobalta ar bun. Bheadh teacht ar obair de chuid ealaíontóirí soiscéalda. Ní bheadh comhlachtaí gnó ag díriú ar airgead amháin ach spriocanna fiúntacha a bheith ar siúl acu. Bheadh ailtirí soiscéalda ag obair leo ar fhoirgintí agus spásanna poiblí a dhearadh a bheadh ag cur le luachanna Criostúla. An uair a mbeadh plé poiblí ar siúl faoina leithéidí ceart, síocháin, fírinne, caoinbhéasaíocht agus grá, bheadh dearcadh soiscéalach le cloisteáil. Tig le teacht ar ais a bheith dearfach, diúltach ach bheadh Ríocht Dé dosheachanta. Dá bhfíorófaí ár bhfís, níl amhras orainn ná go gcuirfeadh an Tiarna a ladhar isteach. ‘Sí ár ndúil ná go gcreidfeadh lear mór daoine agus go leanfaidís i mbealaí Chríost i Ríocht Dé. Dar linn go bhfuil mar dhualgas ag gach Críostaí soiscéalda umhlú d'ordú Chríost trí na heaglaisí go príomha agus de thairbhe sin, go noibreodh Dia féin lena eaglais.
MISEAN: Beidh EAI ag tnúth le go laethiúil an fhís seo a chur i gcrích Soiscéalaithe a ghríosadh chun ghnímh sa sochaí ‘Sé tús an aistir ná athrú agus malairt cló a chur ar mhodh ghabhála an EAI, béim leanúnach a chur ar ár bhfís go mbeadh rath uirthi. Beimid ag guí, ag múnlú, ag aislingiú, ag misniú, ag beannú agus slógadh na heaglaise sa chaoi go mbeidh Ríocht Dé DOSHEACHANTA i ngach ceard de shochaí na hÉireann. CREIDIMID: 1. Dia San Aon Dia Amháin, é fíor, grámhar, a mhaireann a dTriúr, an tAthair, an Mac agus an Spiorad Naomh. Ceannas agus grásta Dé i gcruthú, deonú, foilsiú, slánú agus breithiúnas críochnaitheach. 2. An Scrioptúr Tinfeadh Dé na Scrioptúir, an Seantiomna agus an Tiomna Nua agus mar sin, a láninchreidtheacht siúd, agus a n-údarás siúd faoi gach a mbaineann le creideamh agus múineadh. 3. Dínit daonna Dínit agus cothroime chách, cruthaithe de réir íomhá Dé le maireachtáil foighneach agus naofa. 4. An riocht daonna Peacúlacht, ciontacht agus seachrán uilíoch, gach uile dínn, de dheasca thitim an chine dhaonna, faoi fhearg agus breithiúnas Dé. 5. Íosa Críost: A phearsa agus shaothar Íosa Críost, idir Dhia agus neach daonna ina iomláine, Mac na Maighdine Muire, a bheatha gan smál, a bhás leorghníomhach ar ár son, a aiséirí corportha, a dheasghabháil ar neamh, a réimeas buach agus a theacht ar ais chugainn amach anseo. Is é an t-aon idirghabhálaí dá bhfuil ann a bhfuil a bhás íobartach mar dhúshraith eisiatach lánleor lenár bhfuaiscailt ar chiontacht agus ar chumhacht pheaca maraon lena thoradh sioraí. Is de thairbhe ghrásta Dé, ach amháin, trí chreideamh i gCríost Go bhfuil maithiúnas agus tabhartas an bheatha shíoraí bronnta orainn. 6. An Spiorad Naomh Obair Dhia an Spioraid Naomh : ár bpeaca a chur in iúl duinn, ár n-athnuachan a bheatha a chaitheamh ionainn, a eagna a dheonú dúinn,a chumhacht a roinnt orainn agus ár naomhú. 7. An eaglais An eaglais uilíoch dá bhfuil Críost mar Cheannaire ar chreidmhigh logánta i gcomhar lena chéile, a bhfuil craobhscaoileadh agus cur i bhfeidhm an tSoiscéil ar fud na cruinne mar phríomhaidhm acu, sagartacht an uile chreidmhigh, Baiste de réir theagasc Íosa agus an Comaoineach Naofa. 8. Dóchas don todhchaí. Athfhilleadh an Tiarna Íosa Criost, é cumhachtach, glórmhar lena riail uilíoch a bhunú. A bhreithiúnas orthu siúd a dhiúltaigh dó agus a thug dá dheasca sin píonós síoraí orthu féin agus an bheatha shíoraí dóibhsean a chreid ann. Moladh go deo le Dia. PRIONSABAIL COMHOIBRITHE: Aidhm Comónta. Cuirimid romhainn oibriú as láimh a chéile le Deá-nuaíocht Íosa Criost d'foilsiú dár náisiún. Ionannas i bpáirt. Dearbhaímid gurb é ár slánú in Íosa Criost a bheireann ionnanas i bpáirt mar phobal Dé orainn. Fírinne a aontaíonn. Deimhnímid fírinní na nartagal inár Raiteas Creidimh. Aithnímid go bhfuil orainn coimhlint ar son na fírinne agus foghlaim óna chéile. Ag tabhairt nó ag scríobh faoi chúrsaí conspóideacha chreidimh dúinn, déanfaimid machnamh ar ár laigí phearsanta agus admháilfimid gur féidir dul amú a bheith orainn. Caithfimid lena chéile go grámhar agus cuirfimid in aghaidh aon eascairdiúlacht a thitfeadh amach. Meas Ceachtartha. Ag obair dúinn, beidh ómós againn ar a chéile, cé go bhfuil éagsúlachtaí ann ó thaobh ár sainthuiscintí. Beimid ag guí de shíor de réir deáshampla Íosa go mbeimis ar aon intinn san Athair agus a Mhac. Táimid meáite a bheith faoi stiúir an Spiorad Naomh ó thaobh beartaíochta, ghrá, síochána agus muintearais de. Pé difríochtai atá ann faoi chultúir, cúlra eaglasta, taithí agus diagachta, beidh meas againn ar a chéile, mar is follas gurb iomaí rud a bheas gan socrú le linn ár mbeathana. Muintearas láidir. Cuirimid romhainn misneach agus ionrachas a chéile a spreagadh. Má éiríonn eadrainn agus dhuine eile de chuid EAI, labhróimid leis an duine sin go díreach. Má chloisimid cáineadh á dhéanamh faoi dhuine, labhróimid leis an duine sin go díreach freisin. Má táthar i riocht an scéal a phoibliú go hinmheánach,táimid meáite labhairt leis an té atá á lochtú faoin scéal. Sin déanta, cíorfaimid an scéal agus déanfaimid ár machnamh féachaint cé chomh tromchúiseach is atá sé. Pé éiginnteacht a bheadh ann, caithfimid go cineálta leis. Ráiteas Creidimh. Glacann Soiscéalaithe Criostúla le foilsiú Dé Triaraigh faoi mar atá noctaithe ins na Scrioptúir agus cloímid le creideamh an tSoiscéail dá réir. Dearbhaíonn soiscéalaithe Críostúla pointí diagachta atá bunúsach agus riachtanach don chreideamh Críostaí, pointí ar ceart go neascródh grá, seirbhís phracticiúil Chriostúil agus comhchúram astu. |
Start a conversationEvents
Scripture for the day
|


